Me-thuiscintí
Is gearr uaim an bóthar go Ceatharlach, áit a mbeidh tús á chur leis an bh Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach arís, amárach. Tá cóip den chlár le fáil anseo agus, mar a fheicfidh sibh, is clár iontach é. Comhghairdeachas leis na coistí uilig ó na tíortha Ceilteacha éagsúla - déanann sibh an-jab, a chairde!
Ní raibh an fhéile ar siúl le trí bliana anuas, mar gheall ar an diabhal sin Covid , ach mar a fheicfidh sibh ón gclár, beidh ceiliúradh á dhéanamh ar chuile ghné de chultúr na dtíortha Ceilteacha - ceol, scéalaíocht, damhsa, filíocht, amhráin, logainmneacha, scannánaíocht, seisiúin srl. - ón 11-16 Aibreán.