cadhan.com - Cadhan Aonair, LLC

Example domain paragraphs

Bunaíodh Cadhan Aonair, LLC sa bhliain 2008 mar chomhlacht phríobháideach a sholáthraíonn seirbhísí teicneolaíochta do phobal na Gaeilge ar fud an domhain. An bunchuspóir atá againn ná saol ríomhaireachta go hiomlán trí mheán na Gaeilge a éascú trí bhogearraí, uirlisí profála, suímh Ghréasáin, APIanna, agus logánú.

Sa roghchlár ar chlé, gheobhaidh tú nascanna leis na táirgí go léir atá againn. Cuirimid gach uile rud ar fáil saor in aisce ón suíomh seo, chomh maith le cód foinseach agus sonraí oscailte. Sa chaoi seo, bíonn forbróirí eile in ann na hacmhainní seo a úsáid mar bhunús dá gcuid táirgí féin. Creidimid go láidir gurb é seo an bealach is fearr éiceachóras sláintiúil teicneolaíochta a dheimhniú don Ghaeilge ar líne.

Is é Kevin Scannell, ollamh le Ríomheolaíocht in Ollscoil Saint Louis , a bhunaigh Cadhan Aonair. Is Meiriceánach é Kevin, rugadh i mBostún, Massachusetts i 1970, de bhunadh Éireannach ar an dá thaobh. Rinne sé staidéar ar an matamaitic in Institiúid Teicneolaíochta Massachusetts (MIT), áit a mbronnadh BS air sa bhliain 1991, agus fuair sé céim dhochtúireachta in Ollscoil California, Los Angeles (sa matamaitic chomh maith). Chaith sé dhá bhliain i bpost iardhochtúireachta in Ollscoil Rice in Houston, Texas,

Links to cadhan.com (6)